Tá leagan PDF den cheacht seo le fáil anseo. Tá nótaí ranga do mhúinteoirí, chomh maith le freagraí na ngníomhaíochtaí, le fáil anseo.
2.1 Tusa an t-eagarthóir
Sa chéad rang, chuireamar eolas ar an abairt aicme. Sa cheacht seo, díreoimid ar an abairt ionannais. Sula ndéanfaimid sin, léigh na habairtí 1–5 thíos.
- Is abairtí aicme iad go léir.
- Tá botún i ngach abairt.
- Ceartaigh agus mínigh an botún.
- Pléigh do chuid oibre le duine eile sa rang. An bhfuil sibh ar aon aigne?
- Ní hamadán ar bith í Sarah.
- Ní chainteoir rómhaith mé, is cosúil.
- Is ceist chonspóideach agus fadhb leanúnach í an seicteachas.
- Is réiteach simplí éifeachtach é an chumarsáid.
- Ní hiad ceoltóirí gairmiúla iad.
2.2 Rogha eile
Más abairt dearfach atá i gceist, is féidir leas a bhaint as struchtúr copaile eile: ‘is ea’.
Is aisteoir clúiteach í Helen. / Aisteoir clúiteach is ea Helen.
Is cúis díomá é an toradh seo. / Cúis díomá is ea an toradh seo.
Tá an struchtúr sin níos coitianta i gcanúint na Mumhan ná i gcanúintí eile, ach is struchtúr úsáideach é ba cheart a bheith ag gach scríbhneoir Gaeilge. Cabhróidh sé leat abairtí fada a scríobh go soiléir is go slachtmhar.
Bain triail as na habairtí 1–5 a athscríobh mar atá déanta sna samplaí thuas.
- Is tionscadal uaillmhianach é, nuair a chuirtear gach uile rud san áireamh.
- Is buille trom do pháirtithe an Rialtais é toradh an fhothoghcháin.
- Léiriú eile ar chumas na foirne an bua éasca a fuair siad ar Ard Mhacha.
- Is ceist chasta í nach bhfuil aon réiteach simplí uirthi.
- Dea-scéal d’earnáil na turasóireachta é an laghdú seo ar cháin bhreisluacha.
2.3 An abairt ionannais
Insíonn an abairt aicme dúinn cén aicme lena mbaineann X nó Y. Insíonn an abairt ionannais dúinn gurb ionann X agus Y.
Abairt aicme | Abairt ionannais |
Is aisteoir clúiteach (í) Helen. | Is í Helen Aisteoir na Bliana. |
Ní baile beag ar chor ar bith Cluain Meala. | Ní hé Cluain Meala mo bhaile dúchais. |
Is cúis díomá (é) an toradh seo. | Is é an toradh seo an buille is measa ar fad. |
Is cara maith dom an Príomhoide. | Is í an Príomhoide an cara is dílse atá agam. |
Is fear mór bia (é) fear an tí seo. | Is é fear an tí seo an cócaire is fearr san áit. |
An Spáinneach (í) do bhean chéile? | An í do bhean chéile an múinteoir Spáinnise? |
Nach dream deas scoláirí (iad) Rang a Ceathair? | Nach iad scoláirí Rang a Ceathair an dream is deise sa scoil? |
Seo thíos cuid de na rialacha a d’fhoghlaimíomar maidir leis an abairt aicme níos luaithe. An bhfuil na rialacha céanna i bhfeidhm maidir leis an abairt ionannais? Má tá difríocht ann, an féidir leat í a mhíniú?
1. San abairt aicme, bíonn an fhaisnéis roimh an ainmní.
San abairt ionannais...
2. San abairt aicme, bíonn an fhaisnéis éiginnte agus bíonn an t-ainmní cinnte.
San abairt ionannais...
3. San abairt aicme, níl sé riachtanach forainm a chur leis an ainmní.
San abairt ionannais...
2.4 Bain triail as
Scríobh abairt ionannais faoi na rudaí atá luaite sa liosta 1–10, de réir mar atá déanta sa sampla.
Sampla: Páras (fir.) Is é Páras príomhchathair na Fraince.
- an pheil Ghaelach (bain.)
- an Fhraincis agus an Béarla
- Stephen Spielberg
- Sliabh Everest (fir.)
- Google (fir.)
- Raidió na Gaeltachta (fir.)
- oileáin Árann
- an léitheoireacht (bain.)
- comórtais an Oireachtais
- Kamala Harris