Tá leagan PDF de na nótaí seo le fáil anseo.
2.1 Tusa an t-eagarthóir
Aidhm: Súil ar roinnt míthuiscintí coitianta a bhaineann le húsáid na copaile.
Treoracha
- Leag síos teorainn ama a shíleann tú a bheith oiriúnach agus lig do na foghlaimeoirí a gcuid ceartúchán a dhéanamh.
- Is féidir ligean dóibh a bheith ag obair ina mbeirteanna nó i ngrúpaí níos mó.
- Pléigh na habairtí. Ceartaigh mar is gá iad.
Freagraí
1. Ní hamadán ar bith í Sarah. ‘Ní amadán’ ba cheart a bheith ann. Ní chuireann foirm dhiúltach na copaile réamhlitir h le hainmfhocail: Ní Éireannach atá ann; Ní oibrí díograiseach í; Ní amhrán nua é sin.
2. Ní chainteoir rómhaith mé, is cosúil. ‘Ní cainteoir’ ba cheart a bheith ann. Ní chuireann foirm dhiúltach na copaile séimhiú ar ainmfhocal: Ní bréag ar bith é; Ní fiú deich euro é.
3. Is ceist chonspóideach agus fadhb leanúnach í an seicteachas. Is é ba cheart a bheith ann: ‘Is ceist chonspóideach agus fadhb leanúnach é an seicteachas.’ Mar a dúradh i Rang 1, ní gá an forainm a lua san abairt aicme. Má tá tú chun é lua, cuimhnigh gur leis an ainmní a bhaineann sé. Is ainmfhocail bhaininscneacha iad ‘ceist’ agus ‘fadhb’ ach is cuid den fhaisnéis iad sin. Is ainmfhocal firinscneach atá san ainmní, ‘seicteachas.’
4. Is réiteach simplí éifeachtach é an chumarsáid. Is ainmfhocal baininscneach atá san ainmní, ‘cumarsáid’. Dá bhrí sin, is forainm baininscneach a theastaíonn: ‘í an chumarsáid.’
5. Ní hiad ceoltóirí gairmiúla iad. Ainmfhocal éiginnte is ea ‘ceoltóirí’. Dá bhrí sin, ní ceart an forainm a chur roimhe. Ní déarfá ‘Is é teach é’ ná ‘Is í múinteoir í’.
2.2 Rogha eile
Aidhm: Míniú agus cleachtadh ar an struchtúr copaile ‘is ea’.
Treoracha
- Leag síos teorainn ama a shíleann tú a bheith oiriúnach agus lig do na foghlaimeoirí na habairtí a athscríobh.
- Is féidir ligean dóibh a bheith ag obair ina mbeirteanna nó i ngrúpaí níos mó.
- Pléigh na habairtí. Ceartaigh mar is gá iad.
Freagraí
- Tionscadal uaillmhianach is ea é, nuair a chuirtear gach uile rud san áireamh.
- Buille trom do pháirtithe an Rialtais is ea toradh an fhothoghcháin.
- Léiriú eile ar chumas na foirne is ea an bua éasca a fuair siad ar Ard Mhacha.
- Ceist chasta is ea í nach bhfuil aon réiteach simplí uirthi.
- Dea-scéal d’earnáil na turasóireachta is ea an laghdú seo ar cháin bhreisluacha.
2.3 An abairt ionannais
Aidhm: Léargas ar an abairt ionannais mar aon le samplaí. Na foghlaimeoirí a chur i ngleic leis na difríochtaí idir an abairt aicme agus an abairt ionannais.
Treoracha
- Leag síos teorainn ama a shíleann tú a bheith oiriúnach agus lig do na foghlaimeoirí na rialacha a mhíniú.
- Is féidir ligean dóibh a bheith ag obair ina mbeirteanna nó i ngrúpaí níos mó.
- Pléigh na rialacha.
Freagraí
1. San abairt aicme, bíonn an fhaisnéis roimh an ainmní.
San abairt ionannais, bíonn an fhaisnéis i ndiaidh an ainmní.
2. San abairt aicme, bíonn an fhaisnéis éiginnte agus bíonn an t-ainmní cinnte.
San abairt ionannais, bíonn an fhaisnéis agus an t-ainmní araon cinnte.
3. San abairt aicme, ní gá forainm a chur leis an ainmní.
San abairt ionannais, bíonn an forainm leis an ainmní i gcónaí.
2.4 Bain triail as
Aidhm: Cleachtadh faoi stiúir ar abairtí ionannais a scríobh.
Treoracha
- Leag síos teorainn ama a shíleann tú a bheith oiriúnach agus lig do na foghlaimeoirí na habairtí a scríobh.
- Is féidir ligean dóibh a bheith ag obair ina mbeirteanna nó i ngrúpaí níos mó.
- Pléigh na habairtí. Ceartaigh mar is gá iad.
- Iarr ar na foghlaimeoirí ceisteanna a dhéanamh de na habairtí a chum siad, mar shampla An í an pheil Ghaelach an spórt is mó a imríonn daoine sa cheantar?
Freagraí samplacha
- Is í an pheil Ghaelach an spórt is mó a imríonn daoine sa cheantar.
- Is iad an Fhraincis agus an Béarla an dá theanga oifigiúla i gCeanada.
- Is é Stephen Spielberg stiúrthóir an scannáin Schindler’s List.
- Is é Sliabh Everest an sliabh is airde ar domhan.
- Is é Google an t-inneall cuardaigh a úsáidim féin.
- Is é Raidió na Gaeltachta an tseirbhís náisiúnta raidió do phobal na Gaeilge.
- Is iad oileáin Árann na hoileáin is mó amach ó chósta na Gaillimhe.*
- Is í an léitheoireacht an caitheamh aimsire is fearr liom.
- Is iad comórtais an Oireachtais buaicphointe na bliana.*
- Is í Kamala Harris Leas-Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Tabhair faoi deara go bhfuil ‘oileáin Árann’ agus ‘comórtais an Oireachtais’ cinnte cheana féin. Dá bhrí sin, ní ceart an t-alt a chur leo.