Tá nótaí faoi na leasuithe atá le déanamh ar an téacs le fáil in Tráchtaireacht thíos. Déantar tuilleadh plé ar ghnéithe den téacs in Pointí plé. Tá leagan PDF de na nótaí seo le fáil anseo.

Taiscéalaí Éireannach

‘Bíonn siúlach scéalach,’ a deir an seanfhocal. Dar le duine gur ait1 an rud é gur fhan fear chomh siúlach le Tom Crean ina thost i ndiaidh na ngníomh2 gaisce a rinne sé i gcríocha reoite an Antartaigh i gcomhluadar laoch na taiscéalaíochta3 – Scott agus Shackleton.

I gCondae4 Chiarraí, sa bhliain 1877, a rugadh Tom Crean. Liostáil sé i gCabhlach Ríoga na Breataine nuair nach raibh sé ach cúig bliana dhéag.5 Is dócha gurbh éigean dó bliain nó dhó a chur lena aois cheart chun go mbeadh cead isteach sa Chabhlach aige. Ach bhí dúil san eachtraíocht aige, agus nuair a fuair sé cuireadh ó Robert Falcon Scott a bheith leis ar aistear taiscéalaíochta san Antartach, ba bheag an baol nach ndéanfadh sé an deis a thapadh.6

Rinne Crean cion fir le linn an turuis7 sin, ag tarraingt charranna sleamhnáin8 agus ag iarraidh theacht9 ar thuiscint níos fearr ar luí na tíre. Chuaidh10 an tÉireannach óg i bhfeidhm go mór ar a chuid cinnirí11 Sasanacha. Ba é a scríobh Albert Armitage ina leabhar beathfhaisnéise12 Two Years in the Antarctic: ‘Bhí acmhainn mhaith ghrinn13 aige, agus méin shocair.’ Níorbh iontas ar bith é gur theastaigh ó Scott an Ciarraíoch a thabhairt leis ar aistear nua sa bhliain 1910. Ba é aidhm an aistir seo ná an Mol Theas a bhaint amach. Is iomaí leabhar a scríobhadh faoin eachtra mífhortúnach14 sin. Fuair Scott agus beirt dá chomrádaí15 bás lena linn. Bás a bhí i ndán do Edgar Evans agus William Lashly chomh maith, murach an siúl aonair a rinne Crean ar ais go dtí an campa, ag iarraidh tarrthála. Shiúil sé beagnach trí scór ciliméadar taobh istigh de 18 uair an chloig, in ainneoin an fhuaicht16 agus an ocrais.

Fós féin ní raibh a sháith ag Crean d’anró an Antartaigh. Is amhlaidh a phill17 sé ar na críocha fuara an tríú huair, i gcuideachta Ernest Shackleton. Chlis ar an aistear sin leis, i ndiaidh gur briseadh an bád sa phacoighear. Tá sé ar cheann de chora crua an tsaoil nár bhain an Ciarraíoch an Mol Theas amach ariamh.18

Tráchtaireacht

  1. gurb ait an rud... Tá neamhréir sna foinsí éagsúla maidir le 'b' a chur roimh fhocail dar tús guta san aimsir láithreach. Sna nótaí stíle le Concise English-Irish Dictionary, moltar 'gur' a úsáid ach amháin roimh dhornán beag eisceachtaí: 'gurb acmhainn', 'gurb áil', 'gurb éigean', 'gurb eol', 'gurb amhlaidh'. Moltar 'gurb' a úsáid le forainmneacha dar tús guta chomh maith. Níl sin ag teacht leis an treoir in CO 2017 (7.2.2). Ní mór d'eagarthóirí a bheith leanúnach, pé treoir a roghnóidís.
  2. i ndiaidh na ngníomhartha gaisce... Is ginideach iolra malartach é ‘gníomh’. Feicfidh tú go minic sa tseanlitríocht é, m.sh. ‘fuil Ghearaltach na ngníomh n-ard’.
  3. i gcomhluadar laochra na taiscéalaíochta...Is ginideach iolra malartach é ‘laoch’.
  4. I gContae Chiarraí... Leagan malartach is ea ‘Condae’.
  5. cúig bliana déag... Mínítear na rialacha maidir le séimhiú ar ‘déag’ san iontráil déagin FGB agus in GGBC: 4.35. Go hachomair, bíonn séimhiú ann más ar ghuta a chríochnaíonn an t-ainmfhocal iolra, mar shampla ‘cúig sheomra dhéag’ nó ‘trí bhó dhéag’. Ní bhaineann an riail sin leis na hainmfhocail a bhfuil foirm iolra ar leith acu, mar shampla ‘cúig seachtaine déag’, ‘sé bliana déag’. Eisceacht eile is ea an focal euro.  
  6. an deis a thapú. Níl aon difear fuaime idir ‘ú’ agus ‘adh’ i gcanúintí Chúige Uladh. Ní hiontas ar bith é, mar sin, nach ndéantar dealú mar is ceart idir ‘ú’ (an chéad réimniú) agus ‘adh’ (an dara réimniú).
  7. le linn an turais...Iarsma den seanlitriú is ea an ‘u’ sin in ‘an turuis’.
  8. ag tarraingt carranna sleamhnáin... Is minic a shéimhítear ainmfhocal i ndiaidh ‘ag’ + ainm briathartha, go háirithe i nDún na nGall. Is seantabharthach atá ann nár tugadh cead isteach sa CO dó ach amháin i dtrí cinn d’eisceachtaí: ‘ag fáil bháis’, ‘ag gabháil cheoil’ agus ‘ag gabháil fhoinn.’
  9. ag iarraidh teacht... Níl aon cuspóir ag an mbriathar ‘tar’ faoi mar atá i samplaí mar ‘Ba mhaith liom Úna a theacht linn’.
  10. Chuaigh...
  11. ceannairí... Tugtar iontráil ar leith don fhocal ‘cinnire’ in FGB: Person leading an animal by the head; guide, attendant. Is léir go bhfuil gaol aige sin leis an bhfocal ‘ceannaire’ ach ba chóir cloí le dealú sin FGB.
  12. beathaisnéise...
  13. acmhainn mhaith grinn... B'ait leat, b'fhéidir, gan séimhiú a bheith ar an ainmfhocal ‘greann’ ar aon dul leis an séimhiú ar an aidiacht ‘maith’. Gheobhaidh tú míniú in GGBC: 4.16.
  14. eachtra mhífhortúnach... Is baininscneach ‘eachtra’ de réir FGB.
  15. beirt dá chomrádaithe...Is mar a chéile a fhuaimnítear ‘(a)ithe’ agus ‘(a)í’ i gcanúintí áirithe. Ní chloisfeá difear fuaime idir ‘ceannaí’ agus ‘ceannaithe’. Is dócha gurb é sin údar an bhotúin litrithe seo.
  16. in ainneoin an fhuachta...
  17. a d’fhill sé...
  18. riamh...
Roinn an Post seo: