Tá nótaí faoi na leasuithe atá le déanamh ar an téacs le fáil in Tráchtaireacht thíos. Tá tuilleadh plé ar cheisteanna a thagann aníos sa téacs in Pointí plé.
Gheofar leagan PDF de na nótaí anseo.
Cé a Cheannódh Dán?
‘Ceist: cé a cheannódh dán?’ Mathain Ó hIfearnáin, file, a chuir an cheist sin, ós1 cionn ceithre chéad bliain ó shin. Bhí Mathain ag scríobh le linn deireadh2 ré na n-uaisle Gaelacha a bheireadh3 stádas agus patrúntacht4 do na filí agus a cheannaigh5 a gcuid dánta. As sin amach, ní raibh in ann6 do lucht éigse na Gaeilge ach an chluas bhodhar agus dímheas. Mhair an scéal mar sin gur thosaigh na hÉireannaigh ag cur suim ina n-oidhreacht chultúir agus theanga7 an athuair, nuair a bunaíodh Conradh na Gaeilge sa bhliain 1893.
Faoi thús an fhichiú8 haois bhí an athbheochán9 faoi lán seol10 agus bhí leabhair á bhfoilsiú go tiubh. B’iad11 an tAthair Peadar Ua Laoghaire agus Pádraic Ó Conaire a scríobh na saothair ba mhó éilimh12 san am: Séanna agus Deoraíocht. Go deimhin, bhí sé de rún ag Pádraic a bheatha a thabhairt i dtír ar an scríbhneoireacht chruthaitheach. Is deacair samhlú13 cén díoma14 a bhí air nuair a thuig sé go mbeadh air tabhairt faoi gach saghas mioncheapadóireacht15 leis an gorta16 a choimeád ó dhoras a thí.
Tháinig snag i saothrú na Gaeilge tar éis an Chogaidh Cathartha.17 Ní go dtí tar éis an Dara Cogadh Domhanda a tháinig brí nua i litríocht na Gaeilge. Ba shin18 an uair ar tháinig19 Máire Mhac an tSaoi, Máirtín Ó Direáin agus Seán Ó Ríordáin ar an bhfód. Filí a bhí sna triúr20 sin, ach bhí gealladh faoin scríbhneoireacht phróis ach oiread.21 Ach ní raibh ag éirí le duine ar bith slí bheatha a dhéanamh den scríbhneoireacht.Státsheirbhísigh22 a bhí sa Ríordánach agus sa Direánach ar aon.23 Bhí dúil as cuimse ag Seosamh Mac Grianna i gceird na scríbhneoireachta, agus ba mhian leis a cleachtadh go lánaimseartha. In áit sin,24 chaith sé a laethanta ag aistriú leabhar Béarla25 don Ghúm– leabhair nach raibh fiúntas rómhór ag baint leo ó thaobh an ficsin26 de. Cuireadh Máirtín Ó Cadhain i mbun na hoibre céanna, ach bhí sé go mór in éadan polasaí27 seo an aistriúcháin. Mhaígh sé gurbh fhearr go mór dúinn scríbhneoirí dar28 gcuid féin a bheith againn ná bheith ag iarraidh ár gcoda29 féin a dhéanamh de litríocht an tsaoil mhóir. Is beag an duine30 inniú31 a déarfadh nach raibh an ceart aige.
Tráchtaireacht
- os... Féach an iontráil OS NÓ ÓS? in Cruinneas.
- dheireadh... Ó tharla ‘ré na n-uaisle Gaelacha’ a bheith cinnte.
- thugadh... Foirm chaighdeánach na haimsire gnáthchaite.
- pátrúnacht... Ní mór síneadh fada a chur ar an gcéad siolla. Leagan malartach a bheadh in 'pátrúntacht'.
- cheannaíodh... Táthar ag tagairt do rud a bhí ina nós; is í an aimsir ghnáthchaite a theastaíonn.
- i ndán... Féach an iontráil IN ANN/I NDÁN.
- teanga... Féach an iontráil SÉIMHIÚ 3: DNTLS.
- an fichiú... Ní shéimhítear an focal seo i ndiaidh an ailt. Féach na samplaí in FGB.
- athbheochan... Ní ainmfhocal firinscneach den chéad díochlaonadh é ‘athbheochan’, ach ainmfhocal baininscneach den dara díochlaonadh.
- lán seoil(nó ‘lánseol’)
- Ba iad...Scríobhtar foirm iomlán na copaile roimh na forainmneacha é, í, iad, ea.
- éileamh... Níl feidhm leis an ainmfhocal a chur sa tuiseal ginideach. Féach, mar shampla, An t-éan is áille guth; An páirtí is mó tacaíocht.
- a shamhlú... Féach an iontráil A RÉAMHTHEACHTACH.
- díomá... Sin é an litriú caighdeánach de réir FGB.
- mioncheapadóireachta... Foirm an ghinidigh a theastaíonn i ndiaidh ‘saghas’.
- leis an ngorta(nó ‘leis an ghorta’)... Cuirtear claochlú tosaigh ar ainmfhocal fiú agus é ina chuspóir i gclásal infinideach. Féach, mar shampla, Leis an ngnó a dhéanamh; An teanga a athbheochan tríd an nGaeilge a mhúineadh sna scoileanna.
- Chathartha...Is aidiacht shimplí é ‘cathartha’ agus séimhítear é tar éis ‘an Chogaidh’.
- B’in... De réir FGB.
- a...Coibhneas díreach a leanann ‘uair’.
- sa triúr... Ní raibh ach triúr amháin ann.
- chomh maith (nó ‘freisin’, ‘fosta’, ‘leis’)... In abairtí diúltacha a úsáidtear ‘ach oiread.’
- Státseirbhísigh... Féach an iontráil SÉIMHIÚ 3: DNTLS.
- Araon...Ina aon fhocal a scríobhtar é de réir FGB.
- Ina áit sin...
- ag aistriú leabhair Bhéarla... D’aistrigh sé níos mó ná leabhar amháin.
- fhicsin... Níl cúis ar bith nach mbeadh séimhiú ann.
- pholasaí... Ó tharla ‘an aistriúcháin’ a bheith cinnte.
- dár... Is é a theastaíonn anseo ná cumasc den réamhfhocal ‘de’ agus den aidiacht shealbhach ‘ár’.
- gcuid... Ó tharla go bhfuil ‘cuid’ ina chuspóir ag an ainm briathartha ‘déan’. Féach GGBC: 9.25.
- Is beag duine... Féach an iontráil IS BEAG (AN).
- Inniu... Seanlitriú is ea ‘inniú’.
Pointí plé
- Níor cheart na hainmneacha pearsanta a chaighdeánú ná leithéidí ‘Pádraig Ó Conaire’ ná ‘Máire Mac an tSaoi’ a chur in áit na leaganacha a roghnaigh na scríbhneoirí féin. Is fíor, áfach, go bhfuil cinneadh le déanamh idir ‘Ó Laoghaire’ agus ‘Ua Laoghaire’. Tá an dá leagan in úsáid. Is é Peadar Ó Laoghaire atá san iontráil ar ainm.ie.
- Ní miste ainmneacha na leabhar a scríobh de réir litriú an lae inniu (seachas Deoraidheacht agus Séadna), mar foilsíodh atheagráin faoi na teidil sin.
- Bheifeá ag súil le hinfhilleadh ar an ainmfhocal ‘suim’ san abairt ‘thosaigh na hÉireannaigh ag cur suim ina n-oidhreacht chultúir’. Moltar sa CO (alt 3.3.5) gan an t-ainmfhocal a infhilleadh má táthar ag brath ar réamhfhocal leis an gciall a thabhairt slán, mar shampla ag cur deireadh leis an scéim; ag baint leas as an gcóras.
- Bheadh fonn ar dhuine, b’fhéidir, an abairt seo a leasú: ‘Bhí dúil as cuimse ag Seosamh Mac Grianna i gceird na scríbhneoireachta, agus ba mhian leis a cleachtadh go lánaimseartha.’ Seans gurbh fhearr le daoine ‘í a chleachtadh’ ach féach gur féidir an aidiacht shealbhach a úsáid in áit an fhorainm ina leithéid de fhrása. Féach na samplaí in FGB faoin gceannfhocal a5: ‘Bhí orm a chur, a cur, a gcur ar scoil. I had to send him, her, them to school.’