Nótaí ar chleachtadh eagarthóireachta 4

I measc na n-ábhar sna nótaí seo tá:

  • Tráchtaireacht faoi na leasuithe atá le déanamh ar an téacs.
  • Athleagan den téacs agus na leasuithe go léir curtha i bhfeidhm air.

Tá leagan PDF de na nótaí le fáil anseo.

Burke agus Hare

Ar an ochtú lá is fichid1 de mhí Eanáir 1829, phlód2 25,000 daoine3 isteach i gcathair Dún Éideann.B'annamh ariamha bhfacthas6 slua chomh mór léi7 ar shráideanna príomhchathair8 na hAlban, agus ba deacair9 do na póilíní na daoine a choiméad10 faoi smacht. Beirt Gael11 a bhí i mbéal an phobail, agus bhí duine acu sin le crochadh an lá sin. Ach níor réabhlóidigh12 ná náisiúnaigh13 iad an dís dána14 seo, William Burke agus William Hare. B'é15 an gnó a bhí acu dúnmharú, réabadh reilige agus fuadach coirp16 na marbh.

Ba as Tír Eoghain don mBúrcach.17 Is san Urnaí, in iarthar na contae,18 a rugadh é. Liostáil sé i Mílíste Dhún na nGall agus é ina fhear óg agus, faoi dheireadh, d'imigh sé leis go hAlbain. Bhí Canáil an Aontais á thógáil19 idir Dhún Éideann20 agus an Eaglais Bhreac, agus is iomaí sin Éireannaigh21 a fostaíodh san fhiontar sin. Obair mheasartha mhaith22 a bhí ann, ar thuarastal 15/-  in aghaidh na seachtaine.

Le linn an ama seo tharla an Búrcach i measc tionóntaí23 theach lóistín William Hare, arbh as Contae an Dúin dó. Bhí seanphinsinéir sa teach nár íoc pingin chíosa le Hare le fada. Nuair a d'éag an seanduine, thug Burke agus Hare a chorp go dtí an Ollamh24 Robert Knox i gColáiste Mhíochaine25 Dhún Éideann. D'íoc seisean seacht bpúnt26 leo, mar ba dheacair san am sin theacht27 ar choirp le haghaidh thaighde anatamaíochta.28 Dá 'úire' iad na coirp ba mhó a d'íocadh an tOllamh leo. Bhí cúig phunt déag le fáil i gcomhair chorp duine29 nach raibh i bhfad marbh. Dar ndóigh, ní raibh Burke agus Hare foighneach go leor chun fanúint30 le tionóntaí bás nádúrtha a fháil. Thosaigh siad féin ag soláthar corp úr31 - seacht gcinn déag sular beireadh32 orthu i dtreo deireadh33 na bliana 1828. I measc mhuintir na gcúlshráideanna34 salacha a d'aimsídís a gcuid íobartaigh35 - striapaí,36 ógánaigh a bhí ar beagán céille,37 seandaoine nach raibh a gcosaint féin iontu.

D'éalaigh Hare ón chroch nuair a thoiligh sé fianaise a thabhairt i gcoinne a charad. Crochadh an Búrcach an lá geimhridh úd i 1829. D'fheannadh38 é, agus úsáideadh a chraiceann le haghaidh chumhdach leabhráin39 atá ar thaispeáint40 i gColáiste Ríoga na Máinlianna, Dún Éideann.

Tráchtaireacht
1. Athraigh go 'an t-ochtú lá is fiche' nó 'an t-ochtú lá fichead'.

2. …phlód… Athraigh go 'phlódaigh'. Is minic a bhíonn siolla amháin sa mhodh ordaitheach/aimsir chaite sa chaint agus dhá shiolla sna leaganacha caighdeánacha in FGB, (sin nó an bealach eile thart). Féach, mar shampla, 'Dhiúlt mé dó' ('dhiúltaigh' de réir an CO) nó 'Fanóidh mé anseo' ('fanfaidh', de réir an CO). Má bhíonn tú in amhras, breathnaigh ar FGB.

3. ’25,000 duine’ ba cheart a scríobh, is é sin an fhoirm uatha den ainmfhocal a úsáid. Moltar, de réir an CO, ginideach iolra an ainmfhocail a scríobh i ndiaidh na leaganacha iolraithe ‘na céadta’ agus ‘na mílte’, m.sh. ‘na céadta daoine’. Féach an iontráil UIMHIR: 5 sa bhunachar Cruinneas.

4. Athraigh go 'i gcathair Dhún Éideann'. Féach AONAD CÉILLE sa bhunachar Cruinneas.

5. Athraigh go 'riamh'. Is é sin an leagan caighdeánach.

6. Athraigh go 'a chonacthas'. Is foirm spleách é 'bhfacthas'. Ní úsáidtear é ach le ceisteanna nó sa chlaoninsint nó i gclásal coibhneasta indíreach. Níl aon rud mar sin i gceist san abairt.

7. Athraigh go 'leis'. Tá 'slua' ina ainmfhocal firinscneach de réir FGB. Mar sin de, is forainm firinscneach a bheadh ag freagairt dó.

8. …ar shráideanna príomhchathair na hAlban… Athraigh go 'ar shráideanna phríomhchathair na hAlban'. Féach AONAD CÉILLE sa bhunachar Cruinneas.

9. Athraigh go 'ba dheacair'. I gcanúintí áirithe, ní bhíonn séimhiú ar na litreacha d, s agus t tar éis 'ba'. Ach bíonn an séimhiú sin ann sa Ghaeilge chaighdeánach: Ba shagart é; Ba dheas liom dul ann.

10. Athraigh go 'a choimeád'. Sin é an leagan caighdeánach.

11. Athraigh go 'beirt Ghael'. Is é an tuiseal ginideach a leanann 'beirt' agus is gnách go gcuirtear séimhiú ar an ainmfhocal a thagann ina dhiaidh: beirt pháistí, beirt bhan.

12. Athraigh go 'réabhlóidithe'. Sin é an t-iolra caighdeánach den ainmfhocal 'réabhlóidí' de réir FGB.

13. Athraigh go 'náisiúnaithe'. Sin é an t-iolra caighdeánach den ainmfhocal 'náisiúnaí' de réir FGB.

14. Athraigh go 'dís dhána'. Féach SÉIMHIÚ: 3 sa bhunachar Cruinneas.

15. Athraigh go 'Ba é'. Is gnách leaganacha mar seo (an chopail agus forainm le chéile) a scríobh amach go hiomlán: 'is iad', 'is ea' srl.

16. Athraigh go 'fuadach choirp na marbh'. Féach AONAD CÉILLE sa bhunachar Cruinneas.

17. …don mBúrcach… Bhí an t-urú sin ceadaithe de réir an Chaighdeáin Oifigiúil Athbhreithnithe (2012) ach cuireadh an treoir sin ar ceal in CO 2017. Séimhiú a leanann 'den', 'don' agus 'sa' i gcónaí. 

18. Athraigh go ‘iarthar an chontae’.  Féach CONTAE/CONDAE.

19. Athraigh go 'á tógáil'. Is focal baininscneach ‘canáil’. Féach an iontráil Á sa bhunachar Cruinneas. 

20. Athraigh go 'idir Dún Éideann'. Ní chuireann 'idir' séimhiú ar logainmneacha, mar shampla idir Corcaigh agus Dúghlas.

21. Athraigh go 'is iomaí sin Éireannach'. An fhoirm uatha den ainmfhocal a leanann ‘iomaí’.

22. Athraigh go 'Obair measartha maith'. Má bhíonn dobhriathar idir an t-ainmfhocal agus an aidiacht, cuirtear ar ceal pé tionchar gramadaí a bheadh ag uimhir nó ag inscne an ainmfhocail:

  • feirm mhór ach feirm réasúnta mór
  • aimsir fhuar ach aimsir thar a bheith fuar
  • daoine suimiúla ach daoine iontach suimiúil

Ní shéimhítear an dobhriathar ach oiread:

  • obair measartha dian
  • sráid cuibheasach leathan  
  1. Athraigh go 'i measc thionóntaí theach lóistín William Hare'. Féach AONAD CÉILLE sa bhunachar Cruinneas.
  2. Athraigh go 'go dtí an tOllamh'. Féach GO DTÍ: 1 sa bhunachar Cruinneas.
  3. Athraigh go 'i gColáiste Míochaine'. Is ainmfhocal firinscneach é ‘coláiste’ de réir FGB.
  4. Athraigh go 'seacht bpunt'. Leagan malartach is ea 'púnt'.
  5. Athraigh go 'teacht ar choirp'. Níl cuspóir díreach ag an mbriathar ‘tar’. 
  6. Athraigh go 'le haghaidh taighde anatamaíochta'. Ainmfhocail éiginnte atá san aonad céille ‘taighde anatamaíochta’. Ní shéimhítear a leithéid, m.sh. tús dán fada; luach cupán caife.
  7. Athraigh go 'i gcomhair corp duine'. Cé nach dtugtar aitheantas don struchtúr ‘bata fear siúil’ in CO 2017, moltar an tuiseal ainmneach a úsáid tar éis réamhfhocail chomhshuite ar nós 'i gcomhair'. Féach 3.3.10.
  8. Athraigh go 'fanacht'. Siúd é an t-ainm briathartha caighdeánach de réir FGB.
  9. Athraigh go 'ag soláthar coirp úra'. Más amhlaidh atá ainmfhocal éiginnte faoi réir ag ainm briathartha, agus má tá aidiacht nó focal cáilithe leis, ní dhéantar é a infhilleadh, mar shampla: 'ag déanamh obair mhaith'.
  10. Athraigh go 'sular rugadh orthu'.
  11. Athraigh go 'i dtreo dheireadh na bliana'. Féach AONAD CÉILLE sa bhunachar Cruinneas.
  12. Athraigh go 'cúlsráideanna'. Féach SÉIMHIÚ: 3
  13. Athraigh go 'a gcuid íobartach'. Is lagiolra é ‘íobartach’.
  14. Athraigh go 'striapacha'. Sin é an t-iolra caighdeánach de réir FGB.
  15. Athraigh go 'ar bheagán céille'.
  16. Athraigh go 'Feannadh é'. Ní theastaíonn an 'd' san aimsir chaite shimplí den saorbhriathar.
  17. Athraigh go 'le haghaidh cumhdach leabhráin'. Féach nóta 29 thuas.
  18. Athraigh go 'ar taispeáint'. Ní shéimhítear de ghnáth tar éis 'ar' i bhfrásaí simplí a chuireann staid in iúl, mar shampla: 'ar bord', 'ar fónamh' srl.

Athleagan

Burke agus Hare

Ar an ochtú lá is fiche de mhí Eanáir 1829, phlódaigh 25,000 duine isteach i gcathair Dhún Éideann. B'annamh riamh a chonacthas slua chomh mór leis ar shráideanna phríomhchathair na hAlban, agus ba dheacair do na póilíní na daoine a choimeád faoi smacht. Beirt Ghael a bhí i mbéal an phobail, agus bhí duine acu sin le crochadh an lá sin. Ach níor réabhlóidithe ná náisiúnaithe iad an dís dhána seo, William Burke agus William Hare. Ba é an gnó a bhí acu dúnmharú, réabadh reilige agus fuadach choirp na marbh.

Ba as Tír Eoghain don Bhúrcach. Is san Urnaí, in iarthar an chontae, a rugadh é. Liostáil sé i Mílíste Dhún na nGall agus é ina fhear óg agus, faoi dheireadh, d'imigh sé leis go hAlbain. Bhí Canáil an Aontais á tógáil idir Dún Éideann agus an Eaglais Bhreac, agus is iomaí sin Éireannach a fostaíodh san fhiontar sin. Obair measartha maith a bhí ann, ar thuarastal 15/-  in aghaidh na seachtaine.

Le linn an ama seo tharla an Búrcach i measc thionóntaí theach lóistín William Hare, arbh as Contae an Dúin dó. Bhí seanphinsinéir sa teach nár íoc pingin chíosa le Hare le fada. Nuair a d'éag an seanduine, thug Burke agus Hare a chorp go dtí an tOllamh Robert Knox i gColáiste Míochaine Dhún Éideann. D'íoc seisean seacht bpunt leo, mar ba dheacair san am sin teacht ar choirp le haghaidh taighde anatamaíochta. Dá 'úire' iad na coirp ba mhó a d'íocadh an tOllamh leo. Bhí cúig phunt déag le fáil i gcomhair corp duine nach raibh i bhfad marbh. Dar ndóigh, ní raibh Burke agus Hare foighneach go leor chun fanacht le tionóntaí bás nádúrtha a fháil. Thosaigh siad féin ag soláthar coirp úra – seacht gcinn déag sular rugadh orthu i dtreo dheireadh na bliana 1828. I measc mhuintir na gcúlsráideanna salacha a d'aimsídís a gcuid íobartach - striapacha, ógánaigh a bhí ar bheagán céille agus seandaoine nach raibh a gcosaint féin iontu.

D'éalaigh Hare ón chroch nuair a thoiligh sé fianaise a thabhairt i gcoinne a charad. Crochadh an Búrcach an lá geimhridh úd i 1829. Feannadh é, agus úsáideadh a chraiceann le haghaidh cumhdach leabhráin atá ar taispeáint i gColáiste Ríoga na Máinlianna, Dún Éideann.
Roinn an Post seo: