Tá difear céille idir an dá fhocal seo nach mór a thabhairt slán chun botúin mar seo a sheachaint:
Tuairiscíonn an t-oide ranga an t-eolas ábharach do na tuismitheoirí.
Is é an chiall atá le ábharach ná nithiúil nó déanta d'ábhar. Cuir i gcás, cuirtear an domhan ábharach (the material world) i gcodarsnacht le cúrsaí spioradálta.
Ábhartha a theastaíonn san abairt thuas, aidiacht a thugann le fios go mbaineann an t-eolas le hábhar.
Roinn an Post seo: