Tá abairtí den chineál seo coitianta go leor sa Bhéarla:
The Speaker is to resign his office, saying that opposition parties are running a campaign against him.
Bíodh sin mar atá, bíonn cuma chiotach ar ag + ainm briathartha mar nasc idir dhá chlásal sa Ghaeilge. Féach, mar shampla, an t-aistriúchán seo ar an abairt thuas:
Tá an Ceann Comhairle chun éirí as oifig, ag rá go bhfuil feachtas ar siúl ag páirtithe an fhreasúra ina choinne.
B’fhearr, agus ba nádúrtha, an abairt Ghaeilge a athscríobh mar seo:
Tá an Ceann Comhairle chun éirí as oifig mar gheall ar fheachtas a deir sé atá ar siúl ag páirtithe an fhreasúra ina choinne.
Roinn an Post seo: