Rómhnic a úsáidtear an réamhfhocal ag in ionad an tuisil ghinidigh:
- Gheofar cuntas sa leabhrán seo ar an obair ag an nGníomhaireacht.
- Míthuiscint é sin ar an ról ag an gCathaoirleach.
B'fhearr na habairtí sin a athscríobh mar seo:
- Gheofar cuntas sa leabhrán seo ar obair na Gníomhaireachta.
- Míthuiscint é sin ar ról an Chathaoirligh.
Roinn an Post seo: