They were married last year a deirtear i mBéarla. Is é an gníomh atá i gceist ansin (gur pósadh iad) seachas an staid (iad a bheith pósta).
Is mar seo a dhéantar dealú idir gníomh agus staid sa Ghaeilge:
- Úsáidtear aidiacht bhriathartha chun staid a chur in iúl: Níl an tuairisc foilsithe go fóill.
- Úsáidtear an briathar saor chun gníomh in iúl: Foilseofar an tuairisc amárach.
Bíonn an dá struchtúr sin trína chéile go minic sa Ghaeilge, mar is léir ó na samplaí seo:
- Bhí siad pósta anuraidh.
- Beidh sé curtha amárach tar éis Aifreann an mheán lae.
- Is trua nach raibh sé déanta i bhfad ó shin.
Tá débhríocht ag baint le Bhí siad pósta anuraidh. An é nach bhfuil siad pósta níos mó? Caithfear an saorbhriathar a úsáid chun an chiall a thabhairt slán.
- Pósadh anuraidh iad.
- Cuirfear é amárach tar éis Aifreann an mheán lae.
- Is trua nach ndearnadh i bhfad ó shin é.
Tuilleadh eolais: féach an físeán Bhí siad pósta anuraidh ar www.ceimaraghaidh.ie.
Féach chomh maith: AN BRIATHAR SAOR 3: GNÍOMH AON UAIRE?
Roinn an Post seo: