Tá fonn damhsa ann dar teideal Miss Scanlon’s a mbíonn an-tóir ag ceoltóirí traidisiúnta air. Cuireadh leagan de ar fáil faoin teideal Gaeilge Iníon Ní Scannláin. Níl aon chiall leis sin, mar is coimriú den fhocal iníon atá in Ní. Is é ba cheart a bheith ann ná Iníon Uí Scannláin. Dá mbeadh Miss McLeod’s Reel le haistriú go Gaeilge, is é a bheadh ann Ríl Iníon Mhic Leoid.
Ní chuireann Ní an réamhlitir h le sloinnte a thosaíonn le guta. Ní Pádraigín Ní hUallacháin ba cheart a scríobh, ach Pádraigín Ní Uallacháin.
Roinn an Post seo: