Rómhinic a úsáidtear amach díreach mar a úsáidtear out i gcora cainte Béarla. D’fhéadfaí a mhaíomh go bhfuil leaganacha áirithe seanbhunaithe faoin am seo, ach is annamh nach mbíonn friotal níos dúchasaí le fáil.
- Thosaigh gach fiontraí clúiteach amach beag.
- An óráid mhíchlúiteach sin ina ndearna Mrs Thatcher athaontú, comhúdarás agus socrú feidearálach a rialú amach.
- Shíl Aontachtaithe ag an am gur díoladh amach iad agus go raibh a gcearta á sárú ag Náisiúnaithe.
- Ní féidir a shéanadh go bhfuil ceisteanna eile ann, an dífhostaíocht, cuir i gcás, nach mór dúinn a shórtáil amach.
- Go follasach, choinnigh na páirtithe polaitíochta amach as an cheist achrannach.
Dar liomsa, b'fhearr na habairtí sin a athscríobh mar seo:
- Fiú amháin na fiontraithe is clúití, is de réir a chéile a rinne siad a ngnó a fhorbairt.
- An óráid mhíchlúiteach sin inar dhiúltaigh Mrs Thatcher d'athaontú, do chomhúdarás agus do shocrú feidearálach.
- Shíl Aontachtaithe ag an am go ndearnadh feall orthu agus go raibh a gcearta á sárú ag Náisiúnaithe.
- Ní féidir a shéanadh go bhfuil ceisteanna eile ann, an dífhostaíocht, cuir i gcás, nach mór dúinn a réiteach.
- Is follasach nach ndeachaigh na páirtithe polaitíochta i ngleic leis an cheist achrannach.
Roinn an Post seo: