Corruair, baineann foclóirithe agus téarmeolaithe leas as deirí éagsúla aidiachtúla chun cialla éagsúla a chur in iúl. Gné chaolchúiseach den teanga scríofa atá ann. Seans nach léir don ghnáthdhuine go bhfuil difear céille idir éifeachtach agus éifeachtúil, cuir i gcás, ach is amhlaidh atá ciall faoi leith ag gach focal acu sa teanga fhoirmeálta.
Cógas ar bith a leigheasann daoine breoite, is amhlaidh atá sé éifeachtach, is é sin baineann sé an toradh inmhianaithe amach. Má bhaineann sé an toradh sin amach ar bheagán costais, gan mórán réamhchúraim ná iarchúraim, is amhlaidh atá sé éifeachtúil. Freagraíonn éifeachtach/éifeachtúil don phéire effective/efficient sa Bhéarla.
Go minic, is de bharr cúrsaí canúna a bhíonn deirí aidiachtúla éagsúla ann. Níl difear céille idir ócáideach agus ócáidiúil, mar shampla; níl ann ach gurb é ócáideach an leagan caighdeánach den fhocal agus go bhfuil ócáidiúil ina leagan malartach. In amanna eile, áfach, bíonn difear céille ann a chaithfear a thabhairt slán.
Níor roghnaíodh an deireadh aidiachtúil ceart sna samplaí lochtacha seo thíos:
- Is cathair é Baile Átha Cliath a bhfuil scéal spreagthach aige.
- Áitreabh a cuireadh ar fáil don Chumann ar chíos ainmneach.
- Pléann Munday an anailís dioscúrsa nó teangeolaíocht fheidhmiúil de réir shamhail Michael Halliday.
Seo míniú ar na lochtanna sna habairtí:
- Úsáidtear an téarma spreagthach san oideachas agus sa tsíceolaíocht sa chiall stimulating, motivating. B'fhearr go mór an gnáthfhocal spreagúil sa chomhthéacs seo.
- Téarma gramadaí is ea ainmneach (nominative). Más nominal atá i gceist, is é ainmniúil ba cheart a úsáid.
- Is ionann rud a bheith feidhmiúil agus é a bheith in-úsáidte. Ní hionann sin agus feidhmeach (i bhfeidhm, gan a bheith teoiriciúil). An teangeolaíocht fheidhmeach, mar sin, a thugtar ar applied linguistics.