I nGaeilge Uladh, úsáidtear struchtúr ar leith le briathra a chuireann gluaiseacht nó tosú in iúl, mar shampla téigh, imigh, cuir, tosaigh agus, aisteach go leor, stad. In áit ag, úsáidtear a leis na 'briathra gluaiseachta' seo. Cuirtear séimhiú ar bhriathra dar tús consan:
- Thosaigh sí a chaint i bhFraincis.
- Cuireadh a bhailiú béaloidis iad.
- Stad sé a chur báistí.
Níl na foinsí ar aon fhocal faoi thionchar gramadaí a i gcás ainm briathartha a thosaíonn le guta. Loime atá molta in FGB: Tháinig sé a iarraidh iasachta orm. Mar seo a bhí ag údair Ghaeltacht Thír Chonaill:
- Tháinig sé a dh’iarraidh iasachta orm.
- Thosaigh sí a dh’insint scéil dom.
Ní luaitear an briathar gluaiseachta sa Chaigdeán Oifigiúil ar chor ar bith. Tá tuilleadh eolais le fáil san fhíseán seo de chuid www.ceimaraghaidh.ie.
Tá abairtí ar nós Tá mé ag dul a shiúl abhaile iontach coitianta i nGaeilge Uladh chomh maith. Go deimhin, ní hannamh a ‘cheartaíonn’ eagarthóirí iad, trí aineolas ar an chanúint. (Cuirtear Tá mé chun siúil abhaile nó a leithéid ina n-áit.). Iad siúd a úsáideann ag dul, caithfidh siad a bheith aireach gan abairtí lochtacha mar seo a scríobh:
- Mar go bhfuilimid ag dul bás a fháil den tart.
- Táthar ag dul an deontas a bhaint den nuachtán.
Is aithris é sin ar ghnáthchlásal infinideach ar nós Níor mhaith liom bás a fháil mar sin agus Is mian leo an deontas a bhaint den nuachtán. Ach ní hé sin an struchtúr a úsáidtear i gcás ag dul. Is amhlaidh atá bás agus deontas ina gcuspóirí ag na hainmneacha briathartha fáil agus baint. Dá bhrí sin, is mar seo ba cheart na habairtí a scríobh:
- Mar go bhfuilimid ag dul a fháil bháis den tart.
- Táthar ag dul a bhaint an deontais den nuachtán.