Ba cheart go mbeadh cuspóir an ainm bhriathartha soiléir. Ní i gcónaí a éiríonn le scríbhneoirí Gaeilge an gaol idir an t-ainm briathartha agus an cuspóir a thabhairt slán. Féach, mar shampla, an abairt thíos:
D’éirigh sé as drugaí a úsáid chun a shamhlaíocht a spreagadh.
Thiocfadh le duine dhá chiall a bhaint as sin:
- Go mbíodh drugaí á n-úsáid aige chun a shamhlaíocht a spreagadh agus gur éirigh sé as an nós sin.
- Gur éirigh sé as na drugaí ag súil go spreagfadh sé sin a shamhlaíocht.
Más 1. atá i gceist, b’fhearr leagan éigin mar seo:
Bhíodh drugaí á n-úsáid aige chun a shamhlaíocht a spreagadh, ach d’éirigh sé as an nós sin.
Más 2. atá i gceist b’fhearr leagan éigin mar seo:
Ba chun a shamhlaíocht a spreagadh a d’éirigh sé as drugaí a úsáid.
Roinn an Post seo: