Úsáidtear an briathar saor ar chomharthaí poiblí ag treorú do dhaoine seo nó siúd a dhéanamh:
- Ná caitear tobac.
- Ná siúltar ar an bhféar.
- Tógtar cóip.
Le tamall anuas, feictear dom gur mó a úsáidtear foirm dara pearsa uatha an mhodha ordaithigh. Seans go measann scríbhneoirí sé sin a bheith níos gonta agus níos simplí.
- Ná caith tobac.
- Ná siúil ar an bhféar.
- Tóg cóip.
Roinn an Post seo: