Go minic, ba dheise agus ba ghonta na leaganacha a bhaineann le agus atá bainteach le a fhágáil ar lár ar fad:
- Tréimhse seacht mbliana a bhaineann leis an oifig.
- An bhunreachtúlacht a bhaineann leis an dlí nua a thriail.
- Ar mhaith leat eolas margaíochta a fháil faoi tháirgí nó faoi sheirbhísí a bhaineann le huisce ó Uisce Éireann?
Ba dheise na habairtí sin, de mo dhóighse, ach iad a athscríobh ar an bhealach seo:
- Maireann an tréimhse oifige ar feadh seacht mbliana.
- Féachaint an bhfuil an dlí nua ag teacht leis an mBunreacht.
- Ar mhaith leat eolas margaíochta a fháil faoi tháirgí nó faoi sheirbhísí Uisce Éireann?
Roinn an Post seo: