BONN/BUN
Tá gaol gairid idir bonn agus bun, díreach mar atá idir foundation agus basis sa Bhéarla, ach ní fhágann sin gur féidir iad a mhalartú ar a chéile i gcónaí. Corruair, bíonn ciall abairte ag brath ar an fhocal cheart acu a roghnú. Úsáidtear focail áirithe i gcomhlogaíochtaí den chineál seo:
- Tá súil agam go leanfaidh siad ar aghaidh ar an mbun sin.
- Bhí caint faoi chineálacha nua cadhnraí a dhéanfadh athrú ó bhun ar charranna.
- Níl a fhios cén bonn a bhí leis an gcinneadh sin.
Is mar seo a scríobhtar na comhlogaíochtaí sin i nGaeilge:
- Tá súil agam go leanfaidh siad ar aghaidh ar an mbonn sin.
- Bhí caint faoi chineálacha nua cadhnraí a dhéanfadh athrú ó bhonn ar charranna.
- Níl a fhios cén bun a bhí leis an gcinneadh sin.
Roinn an Post seo: