Is féidir scannán a bhunú ar úrscéal, nó teoiric a bhunú ar thaighde, ach is fearr a d’oirfeadh friotal éigin eile sna samplaí seo thíos:
- Mar gheall ar an athbhreithniú a rinneamar le déanaí ar an tseirbhís oideachais agus traenála s’againn, is cinnte go mbeidh ár gcláir bunaithe ar mhic léinn.
- Déantar an roghnú bunaithe ar chóras pointí an CAO.
Bheadh ciall na n-abairtí sin níos soiléire ach iad a scríobh mar seo:
- Mar gheall ar an athbhreithniú a rinneamar le déanaí ar an tseirbhís oideachais agus traenála s’againn, is cinnte go mbeidh ár gcláir dírithe ar mhic léinn.
- Déantar an roghnú de réir chóras pointí an CAO.
Corruair, is deacair a dhéanamh amach cén chiall atá ar intinn an scríbhneora, mar shampla:
Is scanóir é seo atá bunaithe ar athshondas maighnéadach núicléach.
Is dócha gurb í meicníocht an scanóra atá i gceist, i.e. gur scanóir é a úsáideann athshondas maighnéadach núicléach chun an scanadh a chur i gcrích.
Amanna eile, agus b'fhearr bunaigh ar a fhágáil ar lár gan aon ní a chur ina áit:
Líon isteach an dialann seo, bunaithe ar cad a dhéanann tú ag an deireadh seachtaine de ghnáth.
Bheadh ciall na habairte níos soiléire ach í a athscríobh mar seo:
Líon isteach an dialann seo. Scríobh faoi na rudaí a dhéanann tú ag an deireadh seachtaine de ghnáth.