Meastar trí mhíthuiscint gur focal baininscneach é bunreacht toisc gur focal ilsiollach é a bhfuil críoch –acht air. Ach is comhfhocal firinscneach ó cheart é: bun + reacht. Ní de réir na Bunreachta ná téacs na Bunreachta atá ceart, ach de réir an Bhunreachta agus téacs an Bhunreachta.
Féach chomh maith COMHLACHT, GNÓLACHT agus IMEACHT.
Roinn an Post seo: