Coibhneas díreach ba cheart a scríobh i ndiaidh cé acu. Níl feidhm le claoninsint ná le coibhneas indíreach mar atá sna habairtí lochtacha seo:
- Ní léir cé acu go mbeidh fórsaí Ghaddafi sásta an fód a sheasamh agus cath mhór a throid ansin nó an imeoidh siad i bhfolach.
- ...cé acu a mbeidh an toghchán don uachtaránacht féaráilte nó nach mbeidh.
Is mar seo ba cheart na habairtí sin a scríobh:
- Ní léir cé acu a bheidh fórsaí Ghaddafi sásta an fód a sheasamh agus cath mhór a throid ansin nó an imeoidh siad i bhfolach.
- ...cé acu a bheidh an toghchán don uachtaránacht féaráilte nó nach mbeidh.
Roinn an Post seo: