Is coibhneas indíreach a leanann áit, fáth, caoi, dóigh agus am nuair is úsáid dhobhriathartha atá i gceist, is é sin nuair atá na focail sin ag cáiliú an bhriathair ar shlí éigin:
- Ní maith liom an chaoi a ndéanann sé rudaí.
- Sin an fáth ar éirigh sé as.
- Sin agat an dóigh a bhfuil cúrsaí na tíre seo.
- Tiocfaidh an t-am a mbeidh leagan amach eile ar an saol.
Coibhneas díreach a bhíonn ann nuair is mar ainmfhocail a úsáidtear na focail chéanna:
- Ní maith liom an chaoi a bhíonn aige le daoine.
- Cén fáth a bhí aige le héirí as?
- Cén dóigh atá ort inniu?
- Baineann sé sin leis an am atá thart.
Coibhneas díreach a leanann uair agus nuair i gcónaí. Féadann coibhneas díreach nó indíreach teacht i ndiaidh am agus pointí ama eile, mar shampla lá.
- Tiocfaidh an t-am a bhfeicfidh duine éigin é.
- Ba é sin an t-am a rug Sasana bua.
- An lá a d’éirigh an scéal amach.
- An lá ar casadh an tOllamh orm.
Roinn an Post seo: