Ó thaobh na stíle de, is fearr go mór clásal coibhneasta ná an réamhfhocal le i bhfrásaí mar seo:
- Daoine le cáilíochtaí tríú leibhéal.
- Tíortha le pobail mhionlaigh.
Mar seo ba cheart na samplaí sin a scríobh:
- Daoine a bhfuil cáilíochtaí tríú leibhéal acu.
- Tíortha a bhfuil pobail mhionlaigh iontu.
Is fíor go n-úsáidtear an réamhfhocal le i roinnt teideal a chuireann síos ar cheird nó ar chúram duine nó eagraíochta, mar shampla Ollamh le Fraincis nó Cumann le Béaloideas Éireann.
Roinn an Post seo: