De réir FGB, is leagan malartach de páirtí atá in páirtnéir. Bíodh sin mar atá, tá cialla nua tar éis greamú do páirtnéir ó shin:
- Leannán nó céile, mar shampla páirtnéir saoil, páirtnéir comhghnéis.
- Comhimreoir nó leathbhádóir i gcluiche nó in imeachtaí spóirt.
Is féidir, dar ndóigh, páirtí a úsáid sna comhthéacsanna sin chomh maith.
Copartner, associate an chiall atá luaite le comhpháirtí in FGB, ach tá sé in úsáid go coitianta anois ag freagairt do partner an Bhéarla i réimsí gnó agus oibre.
Roinn an Post seo: