Bíonn blas ait ar abairtí ina n-úsáidtear struchtúir éagsúla ghramadaí chun trácht ar aon rud amháin. A leithéid seo:
- Beidh seirbhísí feabhsaithe agus níos sábháilte uisce ann mar gheall ar infheistíocht a mhéadú.
- Féadfaidh tú foirmeacha cláraithe a iarraidh i ndáil le seirbhísí speisialta agus tosaíochta.
Sa chéad abairt, tá seirbhísí á cháiliú ag aidiacht bhriathartha (feabhsaithe) agus ag breischéim (níos sábháilte). Sa dara habairt, tá seirbhísí á cháiliú ag aidiacht (speisialta) agus ag ainmfhocal sa tuiseal ginideach (tosaíochta). Níl na habairtí sin mícheart ó thaobh na gramadaí de, ach ba sheolta agus ba dheise cothromaíocht a bheith ann ó thaobh na struchtúr de, sin nó na cáilitheoirí a scaradh ó chéile:
- Cuirfidh an infheistíocht bhreise feabhas ar sheirbhísí uisce agus beidh na seirbhísí sin níos sábháilte feasta.
- Féadfaidh tú foirmeacha cláraithe a iarraidh i ndáil le seirbhísí speisialta agus seirbhísí tosaíochta.
Féach chomh maith na habairtí samplacha seo:
- Beidh tú incháilithe más duine dall, lagamhairc, bodhar, lagéisteachta thú nó má tá deacrachtaí gluaiseachta agat.
- Bhí amhránaithe a bhfuil taithí na mblianta acu ar pháirt a ghlacadh i gcomórtais agus amhránaithe óga istigh ar Chorn Uí Riada i mbliana.
Arís, ba chomaoin ar an dá abairt an meascán struchtúr a sheachaint:
-
Beidh tú incháilithe má tá aon cheann de na fadhbanna seo ag cur as duit: daille, lagamharc, bodhaire, lagéisteacht nó deacrachtaí gluaiseachta.
-
Bhí amhránaithe óga agus amhránaithe a bhfuil taithí na mblianta acu ar pháirt a ghlacadh i gcomórtais istigh ar Chorn Uí Riada i mbliana.