Tá claonadh sa chaint cuid a chur idir an aidiacht shealbhach agus an t-ainmfhocal i gcónaí.
- Chuir sé air a chuid bríste.
- Úsáidfidh mé an leithreas i gceart agus nífidh mé mo chuid lámha. [As cód smachta bunscoile.]
- ‘Goitse!’ a dúirt mé faoi mo chuid anála.
De réir GGBC (alt 13.8), is gnách cuid a úsáid ‘nuair atá teibíocht nó iolra nó ábhar do-áirimh i gceist.’ Níl ach bríste amháin i gceist sa sampla thuas agus is furasta lámha an duine a áireamh, rud a fhágann cuma ait ar a chuid bríste agus mo chuid lámh(a). Faoi m’anáil a bhí sa Ghaeilge riamh; ní hé go mbíonn a sciar féin ag duine den rud do-áirimh a dtugtar anáil air. Is mar seo ba cheart na habairtí thuas a scríobh:
- Chuir sé air a bhríste.
- Úsáidfidh mé an leithreas i gceart agus nífidh mé mo lámha.
- ‘Goitse!’ a dúirt mé faoi m'anáil.
Is dócha gurb é an Béarla doing one’s bit is ciontach le habairtí mar seo a bheith le feiceáil i dtéacsanna Gaeilge:
Is léir ón gcás-staidéar a rinneadh ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe go bhfuil siadsan ar a laghad ag déanamh a gcoda.
Tá ciall eile le déan do chuid, is é sin ith an bia a cuireadh amach duit. Is amhlaidh atá an Chomhairle tar éis a cion féin den obair a dhéanamh, nó gur chomhlíon an Chomhairle na dualgais a bhí uirthi.
Is féidir cuid de a úsáid chun some a chur in iúl:
- Cuid de na daoine is deise a casadh orm riamh.
- De réir cuid de na nuachtáin...
Ach féach go mbíonn an réamhfhocal de riachtanach chun an chiall sin a chur in iúl. Sin an locht atá ar an abairt thíos:
Ach i gcuid othar, níor éirigh leo na taomanna a mhaolú mórán. (Ach i gcás cuid de na hothair/i gcás roinnt othar...)
Tabhair faoi deara nach mbíonn séimhiú ar thúslitir cuid i bhfrásaí mar De réir cuid de na nuachtáin.