Tá an leagan cuir mar seo é bunaithe anois agus ní dócha gur féidir é a ruaigeadh. Bíodh sin mar atá, tá bealaí níos dúchasaí ann chun an coincheap a chur in iúl seachas lomaithris ar put it this way.
- Ba mhaith leis béim a leagan arís ar luacha an tsóisialachais do ghlúin a bhí, mar a chuir sé é, faoi thionchar Thatcher agus Reagan.
- Is cinnte nach gcuirfinn mar sin é.
Ó thaobh na stíle de, b'fhearr na habairtí sin a athscríobh mar seo:
Tá leaganacha mar cuir mar seo é bunaithe anois agus ní féidir iad a ruaigeadh. Ó thaobh na stíle de, ní miste a mheabhrú go bhfuil friotal níos dúchasaí ann chun an coincheap a chur in iúl seachas lomaithris ar put it this way.
- Ba mhaith leis béim a leagan arís ar luacha an tsóisialachais do ghlúin a bhí, má b'fhíor dó féin, faoi thionchar Thatcher agus Reagan.
- Is cinnte nach ndéarfainn mar sin é/nach gcuirfinn an friotal sin air.
Roinn an Post seo: