Ba dheas dá mbeadh focal amháin Gaeilge ann a chuirfeadh to cause in iúl, ach ní hé cúisigh an focal sin.
- Is minic a chúisíonn víris iompar corrach.
- Cé gur beag truailliú a chúiseoidh aon charr amháin, bailíonn brobh beart.
Cén dochar ach go bhfuil ciall eile ar fad le cúisigh, i.e. cúis a chur i leith duine? Mar seo ba cheart na habairtí a scríobh:
- Is minic a bhíonn víreas ina chúis le hiompar corrach.
- Cé gur beag truailliú a dhéanfaidh aon charr amháin, bailíonn brobh beart.
Roinn an Post seo: