Ó thaobh na sanasaíochta de, tá baint dhíreach idir population agus people. Bíodh sin mar atá, ní dochar abairt Bhéarla mar seo a scríobh:
One consequence of the recession is an increase in the population of abandoned horses.
Ní hinmholta daonra na Gaeilge a úsáid ar an bhealach chéanna:
Toradh amháin ar an gcúlú eacnamaíochta is ea méadú ar dhaonra na gcapall tréigthe.
An neach daonna a bhíonn i gceist le daonra. Is fearr a oireann líon do chomhthéacs na habairte thuas:
Toradh amháin ar an gcúlú eacnamaíochta is ea méadú ar líon na gcapall tréigthe.
Roinn an Post seo: