Tá roinnt gnás in úsáid chun macasamhail the 1950s, the 2010s a scríobh i nGaeilge:
- Bhí cónaí ar an bhfile Éireannach, Louis de Paor, san Astráil sna1980aidí.
- Físeán iontach faoi Ghaeil Bhéal Feirste sna 1980í.
- Chaith sé seal mar Chigire Cánach Ceantair i nDún na nGall i lár na 1980óidí.
Is é -idí a úsáidtear in www.focloir.ie:
- An drochbhail a bhí ar chúrsaí eacnamaíochta sna 1970idí
- Bhí an teoiric sin i dtreis sna 1980idí
Tá sé de bhuntáiste -idí go gcuimsíonn sé na deirí éagsúla atá i bhfocail mar ochtóidí, nóchaidí.
Bíonn scríbhneoirí idir dhá chomhairle maidir leis an réamhfhocal i a scríobh roimh dhátaí atá scríofa ina bhfigiúirí:
- Thosaigh an cogadh i 1939.
- Thosaigh an cogadh in 1939.
Is é in atá in úsáid ar www.focloir.ie agus atá molta sa CO, mar shampla in 1998; in 2017. Féach alt 10.6.4 (a) iv.
Roinn an Post seo: