Ní mór do scríbhneoirí aire a thabhairt do ghnéithe caolchúiseacha de chiall na bhfocal. An féidir, mar shampla, go mbainfí ciall dhiúltach as na habairtí seo thíos?
- A recognised first or second class honours degree in psychology.
- Céim aitheanta sa tSíceolaíocht den chéad nó den dara grád.
- The less developed areas of the Shannon Region.
- Ceantair neamhfhorbartha de chuid Réigiún na Sionainne.
Cad é a thuigfeadh daoine as céim den dara grád? B'fhearr cloí leis an fhriotal thraidisiúnta: céim céad onóracha nó dara honóracha.
Ní dócha go mbeadh muintir réigiún na Sionainne sásta ceantar neamhfhorbartha a thabhairt ar chuid ar bith den dúiche. B'fhearr go mór an abairt a athscríobh mar seo:
Na ceantair sin de chuid Réigiún na Sionainne is lú a ndearnadh forbairt orthu.
Roinn an Post seo: