Is é is eachtra ann tarlú neamhghnách, iontach. Rómhinic a úsáidtear é chun coincheapa mar event nó occasion a chur in iúl i nGaeilge:
T-léinte den scoth atá iontu, foirfe i gcomhair cibé féasta nó eachtra a bheidh ar siúl.
Bheadh ócáid nó imeacht níos oiriúnaí má táthar ag caint ar chóisirí.
Níl aon locht ar eachtra chun incident a chur in iúl, ach ba cheart an comhthéacs a bheith soiléir. Is le dua a thuigfeadh léitheoirí an abairt seo, mar shampla:
Tá sé d’oibleagáid ar gach gnóthas iarnróid eachtraí agus tionóiscí iarnróid a chur in iúl don Choimisiún Sábháilteachta Iarnróid.
Cén chiall a bhainfí as eachtra iarnróid? Ba chabhair don scríbhneoir, b’fhéidir, focail mar teagmhas agus tarlú.
Roinn an Post seo: