Bíonn mearbhall ar scríbhneoirí i dtaobh an dá fhocal seo, mar is léir ó na habairtí samplacha thíos:
- Bí cinnte go bhfuil ainm ar gach ball éadaí.
- Ach duilliúr na gcraobh mar éadaigh leapa os mo chionn.
Is é atá in éadaigh ná ginideach an fhocail éadach, mar shampla ball éadaigh (an item of clothing). Is gnách foirm an ghinidigh uatha a úsáid sa nath mo chuid éadaigh.
Is é atá in éadaí ná uimhir iolra an fhocail éadach, mar shampla éadaí fear, éadaí ban.
Mar seo ba cheart na habairtí samplacha a scríobh:
- Bí cinnte go bhfuil ainm ar gach ball éadaigh.
- Ach duilliúr na gcraobh mar éadaí leapa os mo chionn.
Roinn an Post seo: