Níl inscne an fhorainm ceart sna habairtí thíos.
- Ba í an bharúil a bhí ag lucht pleanála na gcathrach ná go mbeadh cumhacht aibhléise agus breosla measartha saor i gcónaí.
- Is í an fhadhb ná gur féidir leat a dhath ar bith a rá faoin Eaglais Chaitliceach ag an phointe seo agus creidfear é go forleathan.
- Is í mo chomhairle, fanacht glan ar gach cathair.
Dar le daoine gur cheart go mbeadh an forainm agus an t-ainmfhocal (barúil, fadhb, comhairle) de réir a chéile ó thaobh na hinscne de. Ó tharla gur ainmfhocail bhaininscneacha iad barúil, fadhb agus comhairle, cuireann scríbhneoirí an forainm baininscneach í leis an chopail. Is botún é sin. Ní ag tagairt do barúil atá an forainm ach don fhaisnéis sa chlásal gur ar an rialtas atá an locht. Ní féidir inscne a lua leis an fhaisnéis sin, agus, nuair nach féidir, glactar leis gur firinscneach atá.
Féach, áfach, go mbíonn inscne an ainmfhocail agus an fhorainm de réir a chéile in abairtí mar seo:
- Nach dona an chomhairle í sin?
- Fadhb í sin atá ag dul in olcas.
Féach GGBC: 13.27.
Roinn an Post seo: