Úsaidtear an téarma fachtóir sna heolaíochtaí agus sa mhatamatic. Is fearr gnáthfhocal a úsáid i réimsí neamhtheicniúla. B'ait leat mar a úsáideadh fachtóir sna habairtí seo thíos:
- Fachtóir eile a chuirfidh an chúirt san áireamh ná cé acu a chiontaigh tú cheana nó nár chiontaigh.
- Tá codanna den bhalla ag titim as a chéile mar gheall ar fhás an eidhneáin agus fachtóirí eile.
B'fhearr na habairtí a athscríobh mar seo:
- Cúinse eile a chuirfidh an chúirt san áireamh ná cé acu a chiontaigh tú cheana nó nár chiontaigh.
- Tá codanna den bhalla ag titim as a chéile mar gheall ar fhás an eidhneáin agus cúiseanna eile.
Roinn an Post seo: