Ní miste pearsanú a dhéanamh ar an choincheap seo i gcásanna áirithe. Cuir i gcás, is ionann Tá an bás ag fanacht linn go léir agus Tá an bás i ndán do chách. B’ait leat, áfach, an pearsanú sna habairtí seo:
- Bhí a fhios ag Charles go mbeadh radharc álainn ag fanacht leis i ndiaidh dó an mullach a bhaint amach.
- Beidh an bád ag fanacht leat ag a haon déag.
- Na dúshláin agus na contúirtí a bhí ag fanacht leis na Gaeil san Oileán Úr.
B'fhearr na habairtí sin a athscríobh mar seo:
- Bhí a fhios ag Charles go mbeadh radharc álainn roimhe i ndiaidh dó an mullach a bhaint amach.
- Beidh an bád ann ar a haon déag.
- Na dúshláin agus na contúirtí a bhí i ndán do na Gaeil san Oileán Úr.
Cúpla pointe eile faoin bhriathar fan:
- Is é fanacht an t-ainm briathartha caighdeánach. Leagan malartach is ea fanúint.
- De réir an CO, is briathar den chéad réimniú é fan. Mar sin de, ba chóir fanfaidh mé a scríobh má táthar ag iarraidh cloí leis an CO (murab ionann agus fanóidh mé).
Roinn an Post seo: