Úsáidtear can sa Bhéarla sa chiall it is possible/conceivable. Más í sin an chiall atá i dtreis san abairt Ghaeilge, níor cheart an réamhfhocal le a chur is féidir nó tig. Is amhlaidh a chuirfeadh sé sin cumas in iúl seachas féidearthacht.
- Is féidir le páistí a bheith i mbaol ar líne.
- Tig leis na focail sin a bheith deacair a chloisteáil, ach 99% den am, tá siad fíor.
B'fhearr leaganacha traidisiúnta mar féad, seans agus b’fhéidir chun an coincheap seo a chur in iúl.
- Tá seans ann go mbeadh páistí i mbaol agus iad ar líne.
- Is focail iad seo nach mian linn a chloisteáil, b’fhéidir, ach...
- Seans nach dtaitneodh na focail seo linn, ach...
Roinn an Post seo: