Maireann litriú traidisiúnta a lán focal fós, in ainneoin an CO agus FGB. Bíonn scríbhneoirí idir dhá chomhairle faoi leaganacha áirithe a scríobh mar aon fhocal amháin nó mar dhá bhfocal. Seo cuid de na samplaí is coitianta:
- macléinn > mac léinn
- mactíre > mac tíre
- maraon > maraon
- meánlae, meánoíche > meán lae, meán oíche
- roimhré > roimh ré
- taréis > tar éis
Tá a mhalairt ann chomh maith, is é sin focail áirithe ar ghnách iad a scríobh ina bhfocail scartha sular caighdeánaíodh litriú na Gaeilge:
- aon uaire > aonuaire
- ar aon > araon
- bun os cionn > bunoscionn
Táthar i ndiaidh éirí as fleiscín a chur idir na míreanna i ndúblóga mar brille bhreaille, cogar mogar, mugadh magadh.
Roinn an Post seo: