Ní hionann gach na Gaeilge agus each an Bhéarla. Is féidir each a úsáid gan ainmfhocal a chur leis:
- The children used to walk to school, each carrying a bag full of books.
- The days went past, each longer than the other.
Is botún measartha coitianta sa Ghaeilge aithris ar nós sin an Bhéarla:
- Ba ghnách leis na páistí siúl chun na scoile agus mála lán leabhar á iompar ag gach.
- D’imigh na laethanta thart, gach níos faide ná a chéile.
Caithfear focal ginearálta mar duine nó ceann a chur le gach – sin nó an t-ainmfhocal a athlua:
- Ba ghnách leis na páistí siúl chun na scoile agus mála lán leabhar á iompar ag gach duine acu.
- D’imigh na laethanta thart, gach lá díobh níos faide ná a chéile.
Tá an locht céanna ar na habairtí seo a baineadh as téacsanna leathoifigiúla:
- Tá gach de na comhairlí baile laistigh de limistéar an chontae faoi údarás an Bhainisteora Contae.
- Má theastaíonn deimhniú uait go bhfuil alt áirithe i bhfeidhm fós gan leasú, ba chóir duit gach de na hAchtanna ina dhiaidh sin a scrúdú.
Mar seo ba cheart na habairtí sin a athscríobh:
- Tá gach ceann de na comhairlí baile atá laistigh de limistéar an chontae faoi údarás an Bhainisteora Contae.
- Má theastaíonn deimhniú uait go bhfuil alt áirithe i bhfeidhm fós gan leasú, ba chóir duit gach Acht a ritheadh ina dhiaidh a scrúdú.
Eisceacht air sin is ea an struchtúr uilíochta in abairtí mar D'ól sé gach a raibh aige. Is é a thuigtear as sin gur ól sé gach uile rud dá raibh aige.
Roinn an Post seo: