Is beag difear fuaime idir níos gaire agus níos giorra. Is mar gheall air sin, b’fhéidir, a bhíonn an dá fhocal tríd a chéile ag scríbhneoirí.
- Is í Gaeltacht na Mí an Ghaeltacht is giorra don chathair.
- Déantar iad a dhímheas thar théarma an léasa nó thar a shaolré eacnamaíoch úsáideach, cibé is gaire acu.
Breischéim na haidiachta gearr is ea níos giorra. Breischéim na haidiachta gar is ea níos gaire. Dá bhrí sin, caithfear na habairti thuas a athscríobh:
- Is í Gaeltacht na Mí an Ghaeltacht is gaire don chathair.
- Déantar iad a dhímheas thar théarma an léasa nó thar a shaolré eacnamaíoch úsáideach, cibé is giorra acu.
Roinn an Post seo: