Gníomhaire is fearr a úsáid chun cur síos ar agent a mbíonn gnó faoi leith ar siúl aige nó aici nó a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine eile i ngnóthaí dlí, mar shampla gníomhaire eastáit, gníomhaire liteartha, gníomhaire fioscach. Is fearr gníomhaí a úsáid sa chiall activist, mar shampla gníomhaí pobail, gníomhaí ar son chearta an duine.
Is léir, mar sin, go bhfuil na habairtí thíos lochtach:
- Tá gníomhaithe taistil agus tionscnóirí turas faoi oibleagáid dul isteach i mbanna sula dtugann an Coimisiún ceadúnas.
- Gearóid Ó Cairealláin, ceannródaí agus gníomhaire teanga.
B'fhearr iad a athscríobh mar seo:
- Tá gníomhairí taistil agus tionscnóirí turas faoi oibleagáid dul isteach i mbanna sula dtugann an Coimisiún ceadúnas.
- Gearóid Ó Cairealláin, ceannródaí agus gníomhaí teanga.
Dar ndóigh, tá a leithéid de rud ann agus chemical agent. Oibreán is gnách a thabhairt ar a leithéid sin: oibreán baictéarach, oibreán frithreo.
Roinn an Post seo: