Is minic na focail gníomhaireacht agus gníomhaíocht in aimhréidh ag daoine, mar atá san abairt thíos:
- Is féidir tuismitheoirí a spreagadh le bheith rannpháirteach i saol na scoile agus cur le gníomhaireachtaí ranga.
Is ionann gníomhaireacht agus agency, mar shampla An Ghníomhaireacht Caighdeán Bia/The Food Standards Agency.
Is ionann gníomhaíocht agus activity, mar shampla gníomhaíochtaí ranga/classroom activities.
Roinn an Post seo: