Sa Bhéarla, úsáidtear often sa chiall in large measure. Is é an chiall atá le Young voters are often radical ná A large number of young voters are radical. Is olc mar a oireann an úsáid sin don Ghaeilge:
Bíonn vótálaithe óga radacach go minic.
Shílfeá go mbíonn na vótálaithe seo radacach méid áirithe uaireanta seachas líon áirithe acu a bheith radacach. Is fearr cur chuige ar bhealach éigin eile:
Tá claonadh ag vótálaithe óga i leith an radacachais.
Roinn an Post seo: