Is gnách i rith a úsáid sa chiall ó thús deireadh nó ar feadh tréimhse, mar a dhéantar sna samplaí úsáide in FGB:
- I rith an lae, during, throughout, the day.
- I rith an ama, all the time.
- I rith mo shaoil, during my whole life.
B'ait le daoine, b'fhéidir, i rith a úsáid chun tagairt do theagmhas aon uaire, mar shampla Chas mé le Síle i rith an tsamhraidh. Dá mba mhian trácht ar an ócáid áirithe sin, seans gurbh fhearr a leithéid seo a scríobh: Chas mé le Síle le linn an tsamhraidh.
Tá tuilleadh eolais faoi úsáid na bhfrásaí i rith agus le linn le fáil in GGBC: 21.26 agus 21.27.
Roinn an Post seo: