Teastaíonn focail éagsúla Ghaeilge chun installation a aistriú, ag brath ar an chomhthéacs. Níl mórán brí sna habairtí thíos:
- Tá foireann innealtóireachta na seirbhísí foirgníochta freagrach as pleanáil, insealbhú, feidhmiú agus monatóireacht na gcóras meicniúil.
- Insealbhú ealaíne cruthaithe ag daltaí Coláiste Ghobnatan.
Mar seo atá:
- Déantar uachtaráin, príomh-airí etc. a insealbhú, is é sin iad a chur i seilbh oifige.
- Déantar fearas agus cláir ríomhaireachta a shuiteáil. Ealaín suiteála a thugtar ar art installation.
Mar seo ba cheart na habairtí thuas a athscríobh:
- Tá foireann innealtóireachta na seirbhísí foirgníochta freagrach as pleanáil, suiteáil, feidhmiú agus monatóireacht na gcóras meicniúil.
- Saothar ealaín suiteála a chruthaigh daltaí Coláiste Ghobnatan.
Roinn an Post seo: