Is féidir an uimhir uatha nó an uimhir iolra teacht i ndiaidh an iomad agus an iliomad.
- Ar ndóigh, tá an iliomad buntáiste/buntáistí le do ghnó féin a bheith agat.
- Aithním go bhfuil riachtanais agus deacrachtaí ar leith sláinte ag an iomad duine/daoine a chónaíonn sa tuath.
Ní chuirtear an réamhlitir t le ceachtar den dá fhocal tar éis an ailt.
Roinn an Post seo: