Ní hannamh a fheictear abairtí mar seo:
Is beag an duine a léann na tuairiscí seo i mBéarla nó i nGaeilge.
Tá difear céille idir is beag agus is beag an a chaithfear a thabhairt slán:
- Is beag duine a léann na tuairiscí seo i mBéarla nó Gaeilge. (Níl mórán daoine a léann iad.)
- Is beag an duine a léann na tuairiscí seo i mBéarla nó Gaeilge. (An duine a léifeadh na tuairiscí, chaithfeadh sé/sí a bheith beag.)
Botún coitianta eile ná ainmfhocail a infhilleadh i ndiaidh is beag. Níl cúis ar bith faoin spéir ann go ndéanfaí amhlaidh.
- Is beag suime atá againn i gcúrsaí an catwalk sna bólaí seo. (Is beag suim...)
- Is beag cabhrach a bhíonn le fáil acu ó na foinsí ar líne. (Is beag cabhair...)
Roinn an Post seo: