Ní hionann ar fad lean na Gaeilge agus follow an Bhéarla, mar is léir ó na habairtí lochtacha seo thíos:
- Lean mé comhairle m’athar.
- Seans maith nach féidir le roinnt acu siúd comhrá Gaeilge a leanstan.
Mar seo a chuirtear na smaointe sin in iúl sa Ghaeilge:
- Ghlac mé comhairle m’athar nó Rinne mé de réir chomhairle m’athar.
- Seans maith nach féidir le roinnt acu siúd comhrá Gaeilge a thuiscint/brí a bhaint as comhrá Gaeilge.
Roinn an Post seo: