Nuair a úsáidtear leath mar ainmfhocal, is gnách an t-ainmfhocal atá faoi réir aige a chur sa tuiseal ginideach:
- Tá leath na tíre ag caint air.
- Ní thuigim í, leath an ama.
- Caitheadh leath an airgid ar chíos agus ar thuarastal.
Is deise go mór é sin ná leath den tír, leath den am nó leath den airgead.
Ach úsáidtear de má tá leath cáilithe ar shlí éigin:
- Le linn an chéad leath den chluiche.
- Níl agat ach leath amháin den scéal.
- Sa leath thoir thuaidh den Eoraip.
Roinn an Post seo: