Tugtar coinníoll an amhrais ar dá, is é sin bíonn amhras ann go dtarlóidh pé rud atá luaite san abairt.
- Chreidfinn sna sióga dá bhfeicfinn duine acu. (Caolseans go bhfeicfidh.)
- Má bhíonn Brian anseo amárach, tabharfaidh mé an t-airgead dó. (Seans maith go mbeidh Brian ar fáil.)
Níl aon chiall, mar sin, le leaganacha mar seo thíos:
Dá mbeifeá ag aistriú ón mbaile roimh an 1 Deireadh Fómhair, glaoigh orainn le do thoil.
Is cosúil go bhfuil seans maith ann go mbeidh na spriocléitheoirí ag aistriú cónaí, nó táthar ag iarraidh orthu glaoch a chur. Mar seo ba cheart an abairt a athscríobh:
Má tá tú chun cónaí a aistriú ón mbaile...
Roinn an Post seo: