Corruair, roghnaítear an réamhfhocal ó in áit réamhfhocail eile atá dúchasach sa Ghaeilge. A leithéid seo:
- Is minic a fhaigheann naíonán bás ón ngalar seo.
- An gcuidíonn caiféin le daoine a chosaint ó ailse?
B'fhearr réamhfhocail eile a chur in áit ó sna habairtí sin:
- Is minic a fhaigheann naíonán bás den ghalar seo.
- An gcuidíonn caiféin le daoine a chosaint ar ailse?
Roinn an Post seo: